Month: May 2023

Bronnadh Céime na hIdirbhliana 2023

Bhí oíche an-speisialta ag lucht na hIdirbhliana aréir san óstán, The Greenhills. Bhí óráidí áille ó scoláirí na hIdirbhliana, ceol bhinn agus amhránaíocht bhríomhar! Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le scoláirí iontacha a ghlac páirt sa bhliain, Chomh maith le gach Múinteoir chabhraigh leo i rith na bliana!          

Gradam Richard Harris

Comhghairdeachas ollmhór le Hollie O Brien, a bhuaigh an gradam Richard Harris. Vótáil gach duine a bhí i láthair ag dráma na hIdirbhliana as an taispeántas is fearr. Comhghairdeachas freisin le hEmma, Niamh, Pádraic agus Darragh a bhí ar an ngearrliosta! Leanaigí oraibh leis an aisteoireacht agus an dráma sa todhchaí!!  

Blitz CLG na nGaelscoileanna

Bhí ócáid iontach againn ar an 9 Bealtaine. D’eagraigh an rang Idirbhliana, Ceannairí don Todhchaí CLG lá peile do Ghaelscoileanna sa chathair. D’oibrigh an rang agus a Múinteoirí, Máistir Ó Fionnagáin, Máistreas Ní Chonchuir agus Máistir Ó Suilleábháin go dian dícheallach chun an lá is fearr a chur ar fáil. Lá den scoth a bhí …

Blitz CLG na nGaelscoileanna Read More »