Scoil Nua
Home » Scoil Nua
NEW YEAR WELCOME FOR COMMENCEMENT OF CONSTRUCTION AT SITE OF MULTI-MILLION EURO NEW GAELCHOLÁISTE LUIMNIGH SCHOOL CAMPUS IN LIMERICK CITY
Is coláiste meánscoile comhoideachais Lán-Ghaeilge í Gaelcholáiste Luimnigh ina múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge. Tá 680 scoláire cláraithe agus ag freastal ar an scoil faoi láthair agus is scoil chuimsitheach, nua-aimseartha agus dinimiciúil í le béim shoiléir ar chruthaitheacht agus nuálaíocht, agus an teicneolaíocht mar théama lárnach dá timpeallacht teagaisc agus foghlama. Aithníodh Gaelcholáiste Luimnigh mar ‘Apple Distinguished School’, an chéad scoil dá cuid in Éirinn agus meastar gur lárionad ceannaireachta agus sármhaitheas oideachais í le fís shoiléir maidir leis an gcaoi a dtacaíonn timpeallachtaí saibhre teicneolaíochta leis an bhfoghlaim. Tá ról lárnach ag Corpoideachas agus spóirt i nGaelcholáiste Luimnigh le go leor lúthchleasaithe cumasacha cosúil le Snámhaí Parailimpeach na hÉireann, Róisín Ní Riain, ag freastal ar an scoil.
Ag labhairt dó ag an tosú inniu, dúirt an Príomhfheidhmeannach, George O’Callaghan: “Tá ríméad ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir gur féidir tús a chur le hobair ar champas nua a thógáil do Ghaelcholáiste Luimnigh ar an suíomh suntasach seo. Tabharfaidh dearadh ailtireachta nua-aimseartha na scoile nua cúlra oiriúnach don dea-cháil oideachasúil atá tuillte ag an nGaelcholáiste. ” Lean sé air: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí bainteach leis: baill foirne, scoláirí agus a dtuismitheoirí, baill den Bhord Bainistíochta, agus ionadaithe poiblí áitiúla as a dtiomantas ag chinntiú go sroichfeadh an tionscadal an pointe seo.”
Beidh infheistíocht níos mó ná €20 milliún ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, arna maoiniú ó Chlár Caipitil d’Iarbhunscoileanna na Roinne Oideachais, i gceist chun an scoil nua 8,000m² á thógáil. Freastlóidh an scoil ar 750 scoláire. Beidh an comhlacht Thompson Architects i gceannas ar an bhFoireann Deartha don fhoirgneamh chomh maith le Rogerson Reddan, Downes and Associates, Don O’Malley & Partners agus Integrated Risk Solutions.
Ag labhairt inniu ag an ócáid, dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh, Kevin Ó Raghallaigh: “Lá iontach is ea é seo don scoil. Tá tuismitheoirí agus scoláirí tar éis fáilte mhór a chur roimh an gcampas nua agus a cóngaracht is atá sé do shuíomh reatha na scoile. Tá sé suite i gceann dena ceantair is sine agus is stairiúla i Luimneach. Is cuid lárnach den phobal áitiúil í an scoil agus oibrímid go dlúth le gnóthaí agus seirbhísí áitiúla. Táimid ag súil go mór an gaol láidir sin a choinneáil ón gcampas nua. Is cúis mhór bróid í do Ghaelcholáiste Luimnigh go gcuirtear ár scoláirí ag croílár na scoile lena chinntiú go mbaineann siad amach a bhfuil uathu. Oibríonn scoláirí agus an fhoireann go crua le chéile chun é seo a bhaint amach. Cabhróidh an campas iontach nua-aimseartha agus na háiseanna is úrscothaí chun an obair seo a neartú.”
Beidh an scoil nua suite ar iarshuíomh Kerry Group ar Shráid an Chláir. Beidh seachtó spás múinteoireachta inti, lena n-áirítear cúig Shaotharlann Eolaíochta, dhá Sheomra Eacnamaíocht Bhaile, Seomraí Ealaíne agus Teicstílí, Seomraí Grafaic Theicniúla, Staidéir Foirgníochta, Innealtóireachta agus Ilmheán. Ina theannta sin, beidh Halla Corpoideachais, Gnáthsheomraí Ranga, Seomra Foirne agus réimse Áiteanna Súgartha Eachtraí agus Áiseanna Cúntacha agus Tacaíochta.
Is é an comhlacht Conack Construction ó Luimneach an príomhchonraitheoir ar an tionscadal agus tá tús curtha le hobair ar an suíomh. Meastar go gcuirfear an tógáil i gcrích i 2023.