An Ghaeilge
Home » About » Our School » An Ghaeilge
An Coiste Gaeilge
Buaileann an Coiste Gaeilge le chéile cúpla uair in aghaidh na bliana chun obair ar phlean straitéiseach chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh sa scoil.
Baill den Choiste:
- Kevin Ó Raghallaigh – Príomhoide
- Sinéad Ní Chiardha – Príomhoide Tánaisteach
- Daithí MacLochlainn
- Christine Ní Chathasaigh
- Pól Ó Drisceoil
- Shauna O’Brien
- Clodagh de Bhailís
- Edel Ní Dhomhnaill
- Ogie Ó Ceilleachair
- Julianne Booth
- Mícheál Ó Suilleabháin
- Ionadaí na scoláirí
Imeachtaí Gaeilge /Cultúrtha
Glacann scoláirí Ghaelcholaiste Luimnigh páirt i raon leathan imeachtaí agus comórtas ar scoil agus lasmuigh den scoil chun an cultúr Gaelach a cheiliúradh. Roinnt dena himeachtaí a chuirtear chun cinn sa scoil chuile bliain:
- Díospóireachtaí Ghael Linn
- Gaeilge 24
- Seachtain na Gaeilge
- An Ghaeilge san Idirbhliain
- Comórtas Aistí – Dréimire
- Aon imeachtaí eile
Snas agus Blas
Is ríomhphost seachtainiúil Gaeilge é Blas agus Snas do mhúinteoirí agus pobal scoile Ghaelcholaiste Luimnigh. Díríonn an ríomhphost ar nathanna úsáideacha don timpeallacht scoile, mórearráidí teangan, ceartúcháin agus cruinneas gramadaí. Tá comhaid fuaime iniata leis chuile seachtain.
An Bhileog Ghlas & Pictiúir
Cuireadh tús le córas aitheantais nua do scoláirí sa scoil chun an Ghaeilge labhartha a spreagadh – Córas na mBileog Glas. Bronnfar teastais agus duaiseanna ar dhaltaí a dhéanann sár-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn. Beatha teanga í a labhairt!
Roinn na Gaeilge – Na Múinteoirí
- Aisling Ní Ghaibhín
- Daithí MacLochlainn
- Cathall Mac an Rí
- Ógie Ó Céilleachair
- Pat Ó Ghliasáin
- Croídhe Ní Ghloinn
- Kate Twohig
- Julianne Booth
- Alan Finnegan
- Niamh McGrath
An Ghaeilge mar Ábhar sa Scoil – Scoil T1 don TS/ An Ghaeilge don Ardteist / Staitisticí / Torthaí / An Cigireacht Ghaeilge
Ábhar éigeantach is ea an Ghaeilge i nGaelcholáiste Luimnigh ar an tSraith Shóisearach agus Sinsearach.
Déanann scoláirí staidéar ar chúrsa T1 (cúrsa Gaeilge do Ghaelcholáistí agus meánscoileanna Gaeltachta) sa Ghaeilge don Teastas Sóisearach i nGaelcholáiste Luimnigh.
Déanann scoláirí staidéar ar an gcúrsa Ardleibhéil Gaeilge ar an gcúrsa Ardteiste.
Cigireacht Ábhair Roinn na Gaeilge:
Cigireacht Ábhair don Ghaeilge ar fáil tríd an nasc thíos:
Click to access report4_EV_76101I.pdf