Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ/ETBI) agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) an-sásta a fhógairt go mbeidh Fóram Feasa Beo 2025, ollócáid foghlama agus líonraithe, ar siúl i nGaelcholáiste Luimnigh, Dé Sathairn, 20 Meán Fómhair 2025, ó 11am go dtí 3:30pm.
Ó bunaíodh Fóram Feasa in 2020 mar thionscnamh líonraithe agus pobail cleachtais, tá meitheal díograiseach múinteoirí ó Ghaelcholáistí, Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Aonaid fud fad na tíre ag teacht le chéile go seachtainiúil ar líne chun dea-chleachtas a roinnt agus iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí curaclaim i spás comhoibríoch agus tacúil.
Chun breis tacaíochta a thabhairt do scoileanna don scoilbhliain seo, reáchtálfar Fóram Feasa Beo 2025 mar ócáid spreagúil bheo.
Beidh deis ag múinteoirí:
-
Freastal ar cheardlanna ábhair le sainmhúinteoirí agus speisialtóirí
-
Acmhainní nua don teagasc trí Ghaeilge a thriail agus a fháil saor in aisce
-
Bualadh le múinteoirí eile a mhúineann na hábhair chéanna
Príomhphointí na hÓcáide:
-
Pléphainéal: Croí-inniúlachtaí san oideachas lán-Ghaeilge
-
Ionchur ó shaineolaithe: Léargais luachmhara ón earnáil lán-Ghaeilge
-
Ceardlanna praiticiúla: Dea-chleachtas á roinnt
-
Liúntas taistil €100
-
Lón saor in aisce
-
Deiseanna líonraithe: Grúpaí plé agus stáisiúin eolais
-
Ceithre Stáisiún, Ceithre Sheans!: Mionseisiúin idirghníomhacha spraíúla
Beidh an ócáid seo mar thús oifigiúil don chlár cuimsitheach d’Fhóram Feasa don scoilbhliain 2025/26, a thosóidh ar líne arís gach tráthnóna Déardaoin ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh.
