Bhí ócáid iontach againn ar an 9 Bealtaine. D’eagraigh an rang Idirbhliana, Ceannairí don Todhchaí CLG lá peile do Ghaelscoileanna sa chathair. D’oibrigh an rang agus a Múinteoirí, Máistir Ó Fionnagáin, Máistreas Ní Chonchuir agus Máistir Ó Suilleábháin go dian dícheallach chun an lá is fearr a chur ar fáil. Lá den scoth a bhí ann, le scoth na peile agus na Gaeilge! Ba mhaith ár mbuíochas a ghabháil le hUachtarán an CLG, Larry McCarthy as ucht a bheith linn ar an lá agus le COGG as echt na tacaíochta a thugadar duin an lá seo a reachtáil. Táimid ag súil go mór leis an ócáid an bhliain seo chugainn cheana féin.
![]()