Bhí cúpla lá an-ghnóthach ag ár scoláirí a bhí páirteach san ócáid mhór, Eolaí Óg BT i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Bhí 2 thionscnamh san áireamh agus ceathrar scoláire san Idirbhliain páirteach, Dearbhail O Connor, Neasa Ní Ífearnáin, Niall Nestor agus Aidan Keane. Bhí an deis acu a saineolas faoina dtionsnamh a roinnt agus bhí an seans acu labhairt leis na meáin, 2FM agus TG4 san áireamh.
