Bhí Seachtain na Scoile Ghníomhaí iontach againn ag tús Mí Bealtaine. Bhí an t-ádh orainn go raibh aimsir linn i rith na seachtaine agus bhí an ghrian amuigh, a chabhraigh go mór le hatmaisfear agus spiorad na seachtaine. Bhí sceideal an-ghnóthach eagraithe ag an gCoiste, a chuir béim ar thabhacht na haclaíochta agus an spóirt dár folláine. Bhí imeachtaí ar siúl do scoláirí agus múinteoirí araon, san áireamh bhí rith spraoiúil, siúlóidí, badmanton do mhúinteoirí, comórtas céimeanna agus líon mór imeachtaí eile. Is ag súil leis an mbliain seo chugainn atáimid cheana féin!
