| Bhuail an Bord Bainistíochta Dé Luain, 5 Nollaig ag 6.30 in.
Seo an tuairisc aontaithe ón gcruinniú sin. · Pléadh dualgais pearsanra an choláiste agus an Bord Bainistíochta i dtaobh cúraimí Cosaint Leanaí. · Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta buíochas ó chroí a ghabháil leis an bhfoireann uile i dtaobh an méid ama a chuirtear ar fail do scoláirí lasmuigh den seomra ranga. · Moladh an líon mór le rá de scoláirí ar éirigh leo scoláireacht a bhaint amach sa Tríú leibhéal. · Bhí ardmholadh ann d’iar-scoláire, Oisín Ó Muirthile as a leabhar a d’aistrigh sé ó Spáinnis go Gaeilge den eagrán ‘Game of Thrones’ a bheith aitheanta ag Ryan Tubridy ar an Late Late Show. Ba mhaith leis an mBord éacht Oisín a aithint go h-oifigiúil dá bharr. · Moladh Comhairle na dTuismithoirí maidir leis na h-imeachtaí ar fad a eagraíonn an Chomhairle ar leas tuismitheoirí an Choláiste. · Gabhadh buíochas do phatrúin an choláiste as an tacaíocht de-shíor a léirítear dá scoileanna agus an treoir a léirítear do sheirbhísí na scoile. · Beidh an chéad chruinniú eile den Bhord Bainistíochta ar siúl ag deireadh mhí Eanáir 2017. · Ghuigh an Cathaoirleach gach beannacht don Nollaig agus ghabh sí buíochas as gach ball foirne ar an mBord. The Board of Management of Gaelcholáiste Luimnigh met on Monday, 5 December 2016 at 6.30pm. The following is the agreed report for the school community.
|
The next Board of Management meeting will take place at the end of January 2017.