Campa Samhraidh – Spraoi le Chéile
Beidh ár gCampa Samhraidh, ‘Spraoi le Chéile’ ar siúl i mí Iúil arís i mbliana agus tá tuilleadh eolais ar fáil thíos: Summer Camp
Beidh ár gCampa Samhraidh, ‘Spraoi le Chéile’ ar siúl i mí Iúil arís i mbliana agus tá tuilleadh eolais ar fáil thíos: Summer Camp
Comhghairdeas ó chroí le hiar – scoláire Íde Ní Ifearnáin as an Scoláireacht Sármhaitheasa (Excellence Scholarship) a bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uirthi. Táimid uilig thar a bheith bródúil asat Íde.
Dea-scéal ón gcoiste Ghníomhach ar maidin! Bhíomar roghnaithe le 20 scoil eile sa tír chun a bheith páirteach sa chlár Active Flag ón scoilbhliain 2022/23 ar aghaidh! We look forward to kicking off the ASF programme in Sept here!
Bhí raon imeachtaí agus comórtais ar siúl le linn na seachtaine agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil. Tá súil againn gur bhain na scoláirí uilig sult as imeachtaí na seachtaine. Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir
An-chuid spraoi inniu le bliain 5 ag cnocadóireacht go barr Cnoc na Mainistreach, sa Bhoirinn.
Tá lá gan éide scoile á eagrú ag Comhairle na Scoláirí amárach, an 16ú Márta, chun airgead a bhailiú le haghaidh na daoine san Úcráin. Is féidir le scoláirí éadaí gorm agus buí a chaitheamh chun bhur dtacaíocht a léiriú le phobal an Ucráin.
Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil i nGaelcholáiste Luimnigh. Tá raon leathan imeachtaí ar siúl le linn na seachtaine. Is deis iontach í Seachtain na Gaeilge an Ghaeilge a cheiliúradh. Míle buíochas le foireann na scoile atá ag cabhrú imeachtaí éagsúla achur ar siúl dár scoláirí. Bainígí súp as imeachtaí na seachtaine.
Beidh lá gan éide scoile á eagrú ag Comhairle na Scoláirí ar an gCéadaoin 16 Márta chun airgead a bhailiú le haghaidh na daoine san Úcráin. Is féidir le scoláirí éadaí gorm agus buí a chaitheamh ar an lá chun a dtacaíocht a léiriú le phobal an Ucráin. Beidh costas €5 an scoláire ar an lá …
Lá Idirnáisiúnta na mBan agus Seachtain na Gaeilge á cheiliúradh againn inniu i nGaelcholáiste Luimnigh. Phléamar na mná a thugann spreagadh dúinn sa saol. Thug an Ted Talk iontach seo le bean láidir Ghaelach Bláthnaid Ní Chofaigh neart ábhair cainte agus machnaimh dúinn!
An chéad ghlúin eile iománaithe GCL. Bua maith inniu chun tús a chur le Comórtas na Mumhan fé 15. Cluiche iomaíoch, trí chúl cinniúnach faighte ag Ben Madden (Rang Anraí) a sheas dúinn. Ar aghaidh linn!!