Uncategorized

Bua Iontach

Bhí bua den scoth ag ár n-imreoirí iomána fé 19 i gCluiche Ceannais na Mumhan in aghaidh Gaelcholáiste Chiarraí. Bhuaigh siad Corn Liam Uí Chinnéide. Comhghairdeachas ó chroí le captaen na foirne, Josh Sheehan, an paineál ar fad agus na cóitseálaithe Mr.Ó Gliasáin agus Mr. Mac an Rí. GCL abú!  

Seachtain na hEolaíochta 2023

Bhí Seachtain na hEolaíochta iontach againn an tseachtain seo caite, ár mbuíochas leis an Roinn Eolaíochta. Bhí sceideal gnóthach do na blianta éagsúla, le turasanna, comórtais, ceardlanna roicéid, spraoi agus samhlaíocht sna saotharlanna. Tá súil againn gur mhuscail an tseachtain speis inár scoláirí i ndomhan na hEolaíochta!  

Blitz CLG na nGaelscoileanna

Bhí ócáid iontach againn ar an 9 Bealtaine. D’eagraigh an rang Idirbhliana, Ceannairí don Todhchaí CLG lá peile do Ghaelscoileanna sa chathair. D’oibrigh an rang agus a Múinteoirí, Máistir Ó Fionnagáin, Máistreas Ní Chonchuir agus Máistir Ó Suilleábháin go dian dícheallach chun an lá is fearr a chur ar fáil. Lá den scoth a bhí …

Blitz CLG na nGaelscoileanna Read More »