Seachtain na Gaeilge 2024
Tá Seachtain na Gaeilge á céiliúradh againn an tseachain seo! Tá sceideal lán le himeachtaí chomh maith le himeachtaí laistigh sna ranganna freisin! Bainígí súp as imeachtaí na seachtaine.
Tá Seachtain na Gaeilge á céiliúradh againn an tseachain seo! Tá sceideal lán le himeachtaí chomh maith le himeachtaí laistigh sna ranganna freisin! Bainígí súp as imeachtaí na seachtaine.
Ba mhór againn bhur dtacaíocht an Déardaoin, 7ú Márta agus Aoine, 8ú Márta. Tá go leor oibre déanta ag scoláirí na hIdiribhliana faoi stiúir an Mháistir Ó Céilleachair agus a múinteoirí dramaíochta. Bígí linn ar an oíche!
Tá áthas an domhain an bua a fháil i gcraobh na Mumhan fé 17 an tseachtain seo caite. Taispeántas dochreidte lán le spiord óna leaiads agus iad ag caitheamh geansaithe tiomaithe dár gcara John Daly. Ní fhéadaimis a bheith níos bródúla mar scoil as na leaids seo. Sár – obair curtha isteach acu go …
Bhí seachtain den scoth ag grúpa Idirbhliana a thaisteal go dtí an Iodáil an tseachtain seo ag sciáil. Bhí seachtain spraoiúil agus shábháilte acu amuigh ann. Níl le cloisint le rudaí iontacha faoin ngrúpa seo óna múinteoirí a thaisteal leo. Bhí an-am acu ar fad! Míle buíochas leis na múinteoirí a bhí leo agus a …
Bhí bua den scoth ag ár n-imreoirí iomána fé 19 i gCluiche Ceannais na Mumhan in aghaidh Gaelcholáiste Chiarraí. Bhuaigh siad Corn Liam Uí Chinnéide. Comhghairdeachas ó chroí le captaen na foirne, Josh Sheehan, an paineál ar fad agus na cóitseálaithe Mr.Ó Gliasáin agus Mr. Mac an Rí. GCL abú!
Bhí cúpla lá an-ghnóthach ag ár scoláirí a bhí páirteach san ócáid mhór, Eolaí Óg BT i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Bhí 2 thionscnamh san áireamh agus ceathrar scoláire san Idirbhliain páirteach, Dearbhail O Connor, Neasa Ní Ífearnáin, Niall Nestor agus Aidan Keane. Bhí an deis acu a saineolas faoina dtionsnamh a …
Tá bliain mhór i ndán dúinnne in 2024 nuair a bheimid ag bogadh isteach chuig ár gcampas nuálach, nua-aimseartha, docreidte nua. Tá pobal na scoile uilig ag súil le háiseanna spirit den chaighdeán is airde, scoth na n-aiseannna ceoil agus teiceolaíochta, Eacnamaíocht Bhaile agus ealaín. Ní hamháin é sin, ach fan go bhfeicfidh sibh méid …
Bhí Seachtain na hEolaíochta iontach againn an tseachtain seo caite, ár mbuíochas leis an Roinn Eolaíochta. Bhí sceideal gnóthach do na blianta éagsúla, le turasanna, comórtais, ceardlanna roicéid, spraoi agus samhlaíocht sna saotharlanna. Tá súil againn gur mhuscail an tseachtain speis inár scoláirí i ndomhan na hEolaíochta!
Meabhrúchán faoin oíche eolais atá eagraithe ag Comhairle na dTuismitheoirí ar an Déardaoin, 16 Samhain ag a 7.
Tá Comhairle na dTuismitheoirí ag báiliú fearas sciála. Níos mó eolais sa phostaer thíos. Go raibh maith agaibh.