Lá Surfála 2023
Bhí lá ag scoláirí Bl. 1 ar an Aoine, 29 Meán Fómhair ag surfáil. Chuaigh siad go dtí An Leacht, Co. an Chláir. Míle buíochas leis na Múinteoirí a bhí leo. Tús spraoiúil don bhliain dár scoláirí nua GCL!
Bhí lá ag scoláirí Bl. 1 ar an Aoine, 29 Meán Fómhair ag surfáil. Chuaigh siad go dtí An Leacht, Co. an Chláir. Míle buíochas leis na Múinteoirí a bhí leo. Tús spraoiúil don bhliain dár scoláirí nua GCL!
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh ár nOíche Oscailte ar siúl ar an Luan, 9 Deireadh Fómhair ag a 7. Tá fáilte roimh chách. Bígí linn i nGCL!
Seoladh ríomhphost an tseachtain seo leis an eolas go léir a bhaineann leis na himeachtaí seach-churaclaim. Bígí páirteach!! Fáilte roimh chách. GCL abú!
Nach sinne a bhí bródúil as ár scoláirí Ardteiste 2023 agus a gcuid torthaí eiseamhláireacha. Grúpa fíor-speisialta a bhain amach éacht ar leith. Guímid gach rath agus ádh orthu le pé bóthar a thógann siad amach as seo.
Bhí sé go hálainn ár scoláirí nua a fheiscint sa chéad bhliain inniu. Bhí lá gnóthach acu leis na himeachtaí atá eagraithe mar chuid de sheachtain ionductaithe na scoile. Is mór an chabhair iad na himeachtaí seo le cabhrú le scoláirí socrú isteach linn.
Táimid ag tnúth go mór le fáilte chroíúil a chur roimh scoláirí Bl.1 2023/2024 amárach, bliain mhór do mhuintir GCL go léir!
Féach ar an dul chun cinn is déanaí! Tá radharc iontach anois ó shráid Chláir.
Bhí oíche an-speisialta do ghrúpa an-speisialta ar an gCéadaoin, 24 Bealtaine. Bhí ceiliúradh álainn le ceol, óráidí, filíocht agus deora! Ní dheanfaimid dearmad ar an ngrúpa uathúil seo riamh. Gach rath oraibh don todhchaí!
Bhí oíche an-speisialta ag lucht na hIdirbhliana aréir san óstán, The Greenhills. Bhí óráidí áille ó scoláirí na hIdirbhliana, ceol bhinn agus amhránaíocht bhríomhar! Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le scoláirí iontacha a ghlac páirt sa bhliain, Chomh maith le gach Múinteoir chabhraigh leo i rith na bliana!
Comhghairdeachas ollmhór le Hollie O Brien, a bhuaigh an gradam Richard Harris. Vótáil gach duine a bhí i láthair ag dráma na hIdirbhliana as an taispeántas is fearr. Comhghairdeachas freisin le hEmma, Niamh, Pádraic agus Darragh a bhí ar an ngearrliosta! Leanaigí oraibh leis an aisteoireacht agus an dráma sa todhchaí!!