An Scoil Nua
Is iontach an dul chun cinn atá le feiscint ar an scoil nua. Táimid ar bís leis an bhforbairt!
Is iontach an dul chun cinn atá le feiscint ar an scoil nua. Táimid ar bís leis an bhforbairt!
Is iomaí na buanna atá ag scoláirí Gaelcholáiste Luimnigh! #tallann
Beirt aoichainteoir speisialta againn ar maidin, maidir le gairmeacha Bl6 2023!
Bhí ócáid iontach againn ar an 9 Bealtaine. D’eagraigh an rang Idirbhliana, Ceannairí don Todhchaí CLG lá peile do Ghaelscoileanna sa chathair. D’oibrigh an rang agus a Múinteoirí, Máistir Ó Fionnagáin, Máistreas Ní Chonchuir agus Máistir Ó Suilleábháin go dian dícheallach chun an lá is fearr a chur ar fáil. Lá den scoth a bhí …
Bhí céiliúradh iontach ar an Déardaoin, 2 Márta chun Lá Domhanda na Leabhar a mharcáil. Bhí neart imeachtaí i rith an lae, comórtas ealaíne, toraíocht taise, DEAR, imeachtaí ranga. Ag súil leis an mbliain seo chugainn cheana féin!
Bhíomar thar a bheith bródúil as ár scoláirí, Áine, Mark agus Oisín a bhfuair deis labhairt os comhair Chomhchoiste na Gaeilge do Sheachtain na Gaeilge. Sár-jab deanta acu agus go hálainn an deis seo a fháil a gcuid Gaeilge a úsáid agus a thaispeáint.
Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh ár ndráma Idirbhlian ar ais i mbliana! Beidh an Seó ar siúl ar an 9 agus 10 Márta. Téigh i dteagmháil linn le ticéid a cheannach. Bígí linn!
Bhí seachtain den scoth ag Scoláirí na hIdirbhliana san Iodáil ar an turas sciála. D’fhreastal bliainghrúpa na hIdirbhliana chomh maith le seachtar múinteoirí ar an turas seo. Seachtain ghníomhach, spraoiúil agus agus taitneamhach. Tá súil againn nach ndéanfaidh siad dearmad ar na laethanta órga agus cuimhní áille seo go deo!
Táimid an-bhródúil as na scoláirí agus na múinteoirí seo araon, a bhuaigh an duais, Narrative 4 Empathy School Award. Maith sibh go léir a bhí páirteach san éacht seo.
Bhí ár Lá Folláine bliaintúil againn ar an Aoine, 9 Nollaig. Ócáid álainn a bhí ann, lán le himeachtaí, gníomhaíochtaí agus cainteanna difriúla. Bhí an-lá ag pobal na scoile go léir!