Seachtain Mhata 2022
Bhí Seachtain Mhata iontach againn, eagraithe ag an roinn Mata. Bhí go leor imeachtaí éagsúla laistigh agus lasmuigh de na ranganna ar siúl do gach bliain. Bhí atmaisféar álainn timpeall na scoile. Ag súil le 2023 cheana féin!
Bhí Seachtain Mhata iontach againn, eagraithe ag an roinn Mata. Bhí go leor imeachtaí éagsúla laistigh agus lasmuigh de na ranganna ar siúl do gach bliain. Bhí atmaisféar álainn timpeall na scoile. Ag súil le 2023 cheana féin!
Bhí an t-ádh ar Scoláirí Spáinnise agus Scoláirí Fraincíse na hArdteiste dul thar lear an tseachtain seo caite. Chaith siad 5 lá san Fhrainc agus sa Spáinn. D’fhreastail siad ar ranganna agus ba deis den scoth é an teanga a chleachtadh agus a usáid. Chomh maith leis sin, bhí deis acu suíomhanna cáiliúla …
Beidh an Oíche Oscailte ar siúl ar an gCéadaoin, 5 Deireadh Fómhair ag 7. Bígí linn!
Nuacht den scoth go mbeidh Dráma na hIdirbhliana ar an stáitse don chéad uair le dhá bhliain ar an 9 agus 10 Márta 2023. Táimid ag súil go mór leis an Seó!
Tá áthas orainn go mbeidh Rang Idirbhiana, Bratach Scoile Ghníomhaí againn i mbliana don chéad uair riamh. An aidhm a bheidh acu le linn na bliana ná gníomhaíocht choirp a spreagadh agus a chur chun cinn i measc pobal na scoile.
Comhghairdeas le rang na hArdeiste, 2022. Tá écart ar leith bainte amach agaibh go léir agus táimid an-bhródúil asaibh ar fad. D’éirigh le cúigear scoláire níos mó ná 600 pointe a fháil, Fionnán Ó Mórlaí, Sarah Connelly, Aoife Keenan, Katia De Capitani agus Aoibheann Haugh.
Comhghairdeas ollmhór le hiarscoláire, Alex Bogdanovic. Bronnadh maoiniú uirthi le déanaí ón gComhairle Taighde na hÉireann PhD i mBithcheimic/Innealtóireacht Ceimiceach a dhéananamh. Táimid ar fad anseo i nGCL an-bhródúil asat ar fad, a Alex.
Bhí tús iontach againn inné lenár gCampa Samhraidh SPRAOI LE CHÉILE. An sula ar fad le atmaisféar álainn timpeall na scoile.
Guímid gach rath agus sonas ar rang na hArdteiste, 2022. Bhí lá álainn ar an Máirt, 24 Bealtaine le turas chuig Loch Gur ar maidin agus ansin an bronnadh céime um trathnóna. Go n-éirí go geal libh sna scrúduithe!
Bhí lá an-speisialta againn ar an 25 Bealtaine agus lucht na hIdirbhliana, 2022 á chéiliúradh againn. Bhí searmanas álainn againn le ceol aoibhinn, cur i láthair agus óráidí. Bronnadh na teastais éagsúla atá bainte amach acu orthu le linn na bliana freisin.